NOLLAIG AS BAILE Mar a dúirt libh an tráth so anuraidh bíonn radharc faoi leíth ag an leanbh aonraic ar an Nodlaig. Bíonn níos mó measa aige uirti ar dtúis ná mar a bhíonn ag an té go bhfuil slua dearththáireacha is deirfiúracha aige. Chíonn sé í faoi mar ba cheart don fhear bhocht a fheicsint, lucht saibhris ag déanamh spóirt dóibh féin—le héad, b'fhéidir, ach le pléisiúr chomh maith. Cuirim i gcás an litriú uafásach atá ag lucht Oifig an Phoist ar an bhfocal “Nodlaig” féin—“Nollaig”. Cuirim sé déstin orm, díreach faoi mar a chuirfeadh Oifig an Phoist. Shasana dá scríobhfaidís “Chrissmass” in ionad “Christmas”. Admhaímis nach ndeirtear an consan meánach, ach níl de cheangal againn idir an bhfocal agus a bhrí ach an consan meánach úd agus ní maith liom scaoileadh leis. “Natlaic” an tsean Ghaeilge air, agus ba cheart go gcuirfeadh sé “Natalicia” i gcuimhne dhúinn— aimsir bhreithe Chríost Rud eile dhe, nuair a bhíos an-óg bhíos i ngrá le cailín darbh aim “Nodlaig” agus ní maith liom a hainm a fheicsint scríofa go haineolach. San am gcéanna má tá an leanbh aonraic níos dile don Nodlaig ná an gnáthdhuine is mó an méad díomá a bhíonn air nuair a ghabhann sé thar tithe ina bhfuil scata deartháireacha is deirfiúracha bailthe chun an Nodlaig a cheiliúradh. Níor chaitheas féin Nodlaig as baile go rabhas cúig is tríocha bliain d'aois, agus ní dhéanfainn ansan é ach gur iarr sagart óg orm an Nodlaig a chaitheamh leis in Iarthar Chorcaí. Bhí a fhios agam nach raibh duine dá mhuintir féin ina bheatha go bhféadfadh sé an Nodlaig a chaitheamh leis, agus mura ndéanfainn rud air go mbeadh sé níos uaigní ná mé féin. Chomh maith leis sin, nuair a bhí sé ina mhac léinn bhí sé i ngrá leis an gcailín céanna a rabhas i ngrá léi—an cailín darbh ainm Nodlaig. Bhí s{ marbh leis na blianta ach is minic a dhéanaimis trácht uirthi, agus is iontach an bhaint a dhéanann a leithéid idir aon bheirt fhear, bídis ina sagairt nó ná bídis I nGuigán Barra a chaitheamar an tsaoire. Bhí Tadhg Ó Buachalla—an Táilliúir—ina bheata an uair sin, agus chaitheamar an chuid ba mhó den lá in éineacht leis. Is deacair liom cur síos ar an dTáilliúir, mar níor chuireas riamh aithne ar aon fhear eile dá shórt, ach nuair a fuair sé bás agus nuair a bhí feart á thógaint os a chionn thoghas an tionscríobhach lena aghaidh—‘a star danced and under it I was born’. Ní fheadar féin cad ina thaobh, ach an réalt ag rince an rud is túisce a tháinig i mo aigne nuair a chuimhníos ar an Táilliúir. Bhí cáirde aige ar fud an domhain, agus scríobhaidís go léir chuige, agus an Lá Fhéile Nodlag san bhí sé féin is a bhean ag gol toisc go raibh cara óg Meiriceánach leis breoite san Ospidéal Meiriceánach i bPáras Chaitheamar Oíche Nodlag leis chomh maith Sholáthraigh an Táilliúir an bheoir, agus sholáthraíos féin is an sagart óg an t-uisce beatha—deoch a thaithn níos fearr leis na seandaoine. Nuair a thángamar amach ón tigh ósta chuir an radharc iontas orainn. Bhí coinneal i ngach aon fhuinneog sna tithe beaga bána faoi bhun na sléibhte agus iad ar athlasadh in uisce an locha. Bhí na comharsana bailithe i dtigh an Táilliúra, na, seandaoine cois falla agus na daoine óga morthimpeall na tine. Bhí a fhios ag an Táilliúir go raibh amhrán ag teastáil uaim darbh ainm “Casadh na nGéanna” agus bhí seanfhear scuabtha isteach aige go raibh an t-amhrán go léir aige. Ar dtúis níor mhaith leis é a rá toisc an sagart óg a bheith i mo theannta. “Tá sé pas barbartha "ar seisean, ach ní éistfeadh an Táilliúir leis. “Is cuma” ar seisean. “ Ní tusa a chum ná a cheap é”. Thug sé uaidh é, agus scríobhas síos é, agus a lán eile chomh maith, agus nuair a bhíos-sa is an sagart óg ag imeacht chuir sé a dhá láimh timpeall orm. “Buíochas le Dia, a Phroinsias”, ar_seisean, “bhí oíche bhreá shalach againn”, Oíche bhreá “gan amhras, oíche nach bhfeicfead a leithéid arís. Nuair a théim thar n-ais go Gúgán Barra anois, téim ann chun an dá uaigh a fheicsint—uaigh an Táilliúira ar thaobh amháin den chlochar faoin bhfeart álainn a dhealbhaigh a chara Séamus Murphy dhó, agus uaigh an tsagairt óig ar an oileán. Níl aon fheart os a chionn san, ach tá rud níos fearr ann. Tugann muintir na háite cúram don uaigh, agus tá ainm an tsagairt óig pioctha amach acu i gclocha geala ar an gcré ghlan. Níl dearmad déanta acu ar an bhfear óg a thug grá a chroí dhóibh féin, agus níl rud sa saol is mó a thabharfadh pléisiúr dó san áit ina bhfuil sé, Bliain nó dhó ina dhiaidh sin chaitheas an Nodlaig in nDeisceart na Fraince—in Avignon. Tá iontas Nodlag faoi leith ag baint le Deisceart na Fraince, agus sin iad na creches. Ní mar a chéile iad is na “cribs” atá againn-ne mar déanann na daoine féin iad sa bhaile, agus bíonn gach duine sa bhaile le haithint iontu, an sagart paróiste, an píléir, fear an phoist, fear an mhuilinn, an bhean aosta agus an cailín óg go bhfuil an faisean is nua uirthi. Bhí mo rothar agam agus chaitheas an tsaoire ag dul ó eaglais go heaglais ag breathnú na gcreches, agus níorbh ionann aon dá chreche orthu. In eaglais nó dhó bíonn mac óg nua-bheirthe acu in ionad na híomhá agus tugann na haoirí na caoirigh is an t-asal isteach chomh maith, a chomh bhí amhras mór ar na daoine go ligfeadh an t-easbog dóibh é sin a dhéanamh feasta, mar an bhliain doimhe sin, ghoil an babán naofa chomh fíochmhar gur ar éigin a bhfhéidir le haon duine an tAifreann a chloisint, Ina ionad san chuas go dtí an tAifreann Meánoíche in Avignon. Bhíodh an tAifreann Meánoíche coitianta go leor nuair a bhíos i mo leanbh agus níor thuigeas riamh cad ina thaobh gur cuireadh deireadh leis. Ón a haon déag go dtí meánoíche féin chan an cór seanambhráin Nodlag Dheisceart na Fraince. Chuas féin ann beagáinín tar éis a haon déag agus bhí an eaglais lán go daras B’éigean dom fanúint in aice an dorais, agus um an taca san féin bhí slua ag bailiú lasmuigh, Bhí saighdiúir agus a chailín in aice liom agus thuigeas láithreach cad ina thaobh gur chuir easpag Chorcaí deireadh leis an Aifreann Meánoíche. Ach bhí beirt philéirí ar bharr na heaglaise, agus ba mhór an sásamh aigne dhom iad mar bhíodar chomh deabhóideach is a bheadh gardaí in eaglais in Erinn. Ansan d’éirigh sagart óg agus thug sé amach Soiscéal Breithe Chríost, ach ba dheacair é chloisint de dheascaibh liú an tslua lasmuigh. Thosaíomar go léir an “Uist” a rá, Faoi dheireadh d'éirigh an bheirt phileirí agus thángadar anuas go dtí an doras. Bhí a dhá hataí ina lámha acu fós, agus bhíodar anmhuinteartha, an-deabhéasach. Ach ansan dúirt duine lasmuigh rud nár chóir agus go hobann bhuail na píléirí a hataí orthu agus thuigeas go raibh sé in am dom imeacht mar go raibh an áit ina rabhas ró-dhainséarach ar fad. Is uafásach an nóiméad é nuair a chuireann píléirí deamhóideacha a hataí orthu i ndoras na heaglaise. Is soiléir ansan gur rud oífigiúl é. An mhaidin ina dhiaidh sin bhí dobhrón ar gach aon duine Ní hé amháin go gcuirfeadh an teaspag stop leis an mbabán nua-bheirthe; chuirfeadh sé stop leis an Aifreann Meánoíche hcomh maith. “Agus cad a dhein sibhse tar éis an Aifrinn?” arsa mise. “Ó”, arsa duine acu, nuos buvions et nous chantions des chanson obscenes”. An rud céanna beagnach is a dúirt an seanfhear i nGúgán, ach ar shlí eile bhí difríocht mhór idir an dá Nodlaig. Chuas amach faoin tuaith an lá san agus shroicheas eaglais bheag i measc na gcnoc. Eaglais den dara aois déag a bhí ann, is gan solas inti ach na coinnle os comhair an creche is gan fuaim le cloisint ach an seanchlog sa chúinne I gceann cúpla nóiméid tháinig scata leanaí isteach agus bronntanais acu le haghaidh an Leinbh Naofa—díreach mar a dhéanainn-se féin nuair a bhíos ar chomh aois leo. Chuamar go léir amach le chéile agus d’imíos abhaile trasna na mbánta. Bhí an ghrian ag dul a luí is na caoirigh á mbreith abhaile, na clorgíní ar a muinéil ag déanamh ceoil agus sean aoire laistiar díobh. Bheannaíomar dá chéile sa chlap-sholus, agus thuigeas gur mar seo a bhí sé in am bhreithe Chríost. Ach mar sin féin níorbh é an Nodlaig é, níorbh Natalicia na tíre ó thuaidh é. Chuas thar n-ais go dtí an tigh ósta agus scríobhas scéal. Ní fheadar cad ina thaobh ach is mar sin a chaitheas a lán Nodlaig le mo shaol. Cleas é, a déarfainn, a bhaineann leis an leanbh aonraic, gur mhaith leis deartháireacha is deirfiúracha dá chuid féin a bheith aige, agus a cheapann cairde eile as a shamhlaíocht féin le cur ina n-ionad. Níor dheineas i nGúgán Barra é, is cuimhin liom, ach sin scéal eile. Dá mbeinn ann anois, bheinn i mo sheomra féin ag scríobhadh scéil. Scéal, b'fhéidir, mar gheall ar sheantáilliúir agus sagart óg—scéal a bheadh anchosúil leis an scéal a d’insíos anois beag. Craoladh an scéal seo ar Aeriris. Tá sé á fhoilsiú anseo againn mar thoradh ar shocrú le heagarthóir an chláir sin. Gabhaimid ár mbuiochas leis.