AN NOLLAIG I gCORCAI Cuimhní óna óige le FRANK O CONNOR Tá súil agam go bhfuil a lán leanaí aonraice ar mo lucht léite mar tá rudaí arrithe le rá agam nach dtuigfidh aoinne ach leanbh aonraic agus béidir nach dtuigfidh sé sin é ach comh beag. Leanbh aonraic is ea mise, agus nuair a chuimhním ar Nollaigí m’óige, sé an t-uaigneas a bhain leo an rud is túisce a thagann im chuimhne. Agus ní haon ghnáth uaigneas é sin, ach uaigneas speisialta an leinbh aonraic—uaigneas thar teorainn. Ní hé ná beinn ag súil leis an Nollaig comh maith le gach aon leanbh eile An iomarca súil a bhíodh agam léi, is dócha. Do réir mo chuntaisí féin, thosaigh an Nollaig nuair a thagadh uimhreacha Nollag na bpáipéirí amach seachtainí roimh an Nollaig féin. Páipéirí le haghaidh buachaillí a léinn-se ar ndóin, ar nós, _The Gem_ nó _The Magnet_, ach um an dtaca san bliana ba chuma cad é an saghas páipéir é—bhídis go léir mar an gcéanna, agus iad go léir go hiontach. Bhí clúdaigh áillne orthu agus fiú amháin ainmneacha na bpáipéirí, bhfodh an sneachta ag tuitim díobh, gan trácht in aonchor ar na pictiúrí a bhí iontu ina bhfeicfeá boithre fé shneachta, agus crainn loma fé shneachta, agus seantithe fé shneachta. Ní fheadar cad é an draíocht a bhain leis an sneachta maidir liom féin, mar is beag baint a bhí agam riamh leis ach buille liathróide sneachta fháil ó bhuachaill eile nó ó m’athair—bhí sé i gcónai ag iarraidh buachaill breá láidir a dhéanamh líom fé mar ba dhóigh leis a bhí sé féin nuair a bhí sé comh-aois liom, ag tathaint orm m’aghaidh is mo lámha a ní leis, rud nar mhian liom riamh. Is dóigh liom anois gurbh é draíocht a bhain leis, an difríocht idir é agus soilse geala, na craobhacha cuilinn agus na plátaí lána a chífeá i bpictúirí eile. Sé an draíocht céanna a bhain le scéal an Linbh Naofa. an Solas Síorraí i lár dorchadais na bliana. B’é ré na samhlaíochta é, agus mo léan, ba gharsún mise, go raibh a dhóthain den tsamhlaíocht aige cheana. Ní nach ionadh bhí mo mháthair bocht dá céasadh agam ar lorg pinginí chun páipéirí Nollag a cheannach, agus á mealladh leis an tAdeste a mhúineadh dom as Laidin, fé mar ba cheart. Bhíodh an lá roimis cuíosach maith. Ar feadh an chuid ba mho den lá bhínn im’ sheasamh ag an doras, agus crot mhíchuíosach orm, dar liom féin, i dtreo is ná tuigfeadh aoinne gur ag súil le fear an phoist a bhíos. Pé cartaí nó litreacha nó bronntanaisi a gheobhthá um Nollaig is ansan is mo a bheithfeá ag brath orthu, agus bíodh nach cuimhin liom bronntanas fháil riamh trid an bpost, níor lúide sin mo dhóchas. Bhíodh breacadh saoire ag m’athair agus thagadh sé abhaile um mheán-lae agus a chuid páí ina phóca aige. Ní dócha gurb aon ualach é, mar b’shin í an uair a mbíodh William Martin Murphy a rá gur leor ceithre sciling déag i n-aghaidh na seachtaine d’aon fhear pósta, ach ar aon slí ní le páí ná le rudaí suaracha dá short a bhíodh súil agamsa an uair sin. Mar sin féin is cuimhin liom go mbíodh bruíon idir é féin is mo mháthair bhocht, rud mar tharla go minic, ma bhí sí sin ro-chiúin Ach lá amhain is cuimhin liom gur éirigh sí fíochmhar ar fad, agus chuala í ag siosarnaigh: “Ar dóigh leat go bhfágfad ina éagmais é, an t-aon lá amháin den bhliain?” D’imigh blianta fada tharm sul ar thuigeas gur mise a bhí le fágáil in éagmais pé bréagán a raibh dúil agam ann an uair sin. Ach ba leor de shásamh dhom dul ag siopadoireacht léi sa Phríomh-Shráid Thuaidh agus a seasamh lasmuigh de shiopa Myles in aice Droichead an Gheata Thuaidh, agus a mhíniú di cad é an bréagán ba dhóigh liom féin a thabharfadh San Nioclas chugam an oíche céanna. Naomh iontach mar sin go mbeadh cruinn-eolas aige ar a neamhurchóidí is a bhíos ar feadh na bliana go léir. Ba bhreá liom leis teacht abhaile léi, féachaint ar fhág fear an phoist énní dom an fhaid is a bhíos amuigh. Is ar éigin má fhág, ach thuigeas go mbíodh an-mhoill ar an bpost an taca san bliana. Leanbh dóchasach ab ea mise riamh Bhí dhá rud iontach eile in ann dom roimh deire an lae—an coinneal do lasadh agus an ciste do ghearradh. Ós mise an té ab óige sa líon tí, ba liomsa de cheart lasadh an choinnil, agus ghabhas orm gearradh an chiste comh maith, biodh gur i laghad a bhíodh an ciste ag dul ó bhliain go bliain. Ins na laethanta san siad na siopadoirí a thugadh an ciste Nollag i gcónai agus is cuimhin liom déistean mo mháthar agus í dhá rá gur le sprionlaitheacht a thug Miss O nó Miss Mac a leithéid de chiste dúinn. Ni chreideadh sí riamh go bféadfadh daoine bheith comh crua sin, ach bhíodh. Mar sin féin bhíodh dá dhóchas eile agam. Dá dheannaí dá mbíodh sé, bhínn ag éisteacht le cnag fhir an phoist mar bhídis ag obair ro-chrua ar fad, na fir bhochta, agus fiú amháin dá mbeadh sé de chrann orm dul a chodladh roimhe bhí dóchais eile agam; San Nioclas agus post na maidne. Dá dhearca é, théinn a chodladh go luath mar thuigeas go maith a chuthlaí is a bhíodh San Nioclas ag teacht anuas an simne agus a mhála ar a dhroim aige. Dob ionadh liom i gcónai go mbíodh se comh cniopaireach, mar ní bhfuaireas riamh uaidh ach gunna nó inneal traenach a d'fhéadfá a cheannach i siopa Myles sa Phríomh-Shráid Thuaidh ar réal. Níorbh aon mhaith do bhuachaill mar mé bheith comh subháilceach san, agus a laghad is a fuaireas riamh as. Ach mardin Nollag, mhothófá ré na samhlaíochta ag imeacht uait is an gnáth-shaol ag brú isteach ort ó gach taobh. Thagadh fear an phoist ar a thuras deireannach, ach ní bhíodh aige riamh ach dríodar an bharaille, carta Nollag ó dhuine éigin a fuair carta uainn-ne an lá roimhe sin agus a rinne dearmad glan ort go dtí an nóiméad san. D'fhéadfá móráil bheag a dhéanamh as do chuid bronntanaisí i gcomhluadar leanaí eile, ach ní bhaineadh sé sin ach leathuair a chloig den lá, agus san an céanna ni fhéadfá bheith muinteardha leo fé mar a bheithfeá de ghnáth, mar ní bhíodh cead agat dul ar chuairt chuca ná iadsan a bhreith abhaile leat féin. Deireadh mo mháthair gur lá é seo a bhí in áirithe don líon tí, agus thuigfeá é sin, ach cad é an saghas féile í sin do bhuachaill mar mé féin nach raibh deatháireacha ná deirfiúracha aige? Bhí deire le ré na samhlaíochta agus is ar éigin a chreidfeá go bhféadfadh sé teacht go deo, deo arís. Ni cuimhin liom riamh Nollaig go raibh sneachta ar na boithre: ní cuimhin liom Nollaig nar tharla rud as an ngnáth-shaol dom, fé mar a tharla do na buachaillí sna páipéirí seachtainiúla. Bhínn ag argóint lem mháthair narbh aon chiall dom fanúint sa bhaile, mar go mbeadh gach aon leanbh eile ar m’aithne comh huaigneach liom féin, ach níor tharla riamh gur lig sí ar cuairt mé ná gur tháinig aoinne eile ar cuairt chugamsa. Ni raibh aon tsamhlaíocht ag baint le Lá le Stiofáin ach sa mhéid ba ghá le samhlú dhuit féin go raibh dreoilín marbh ar bharr craoibhe agat nuair nach bhfaca tú dreoilín riamh. Chuirfeadh san déistean ar m’athair mar nuair a bhí sé sin óg, théidis go léir amach Lá Nollag le bataí móra ar lorg dreoilíní, agus b'fhior nuair a chanaidis: I up with me shtick and I gey him a fall, And I brought him here to visit ye all Níor mhaith lem mháthair an chaint sin in aonchor, agus níor mhaith léi go raghainn in éineacht leis na “Wren Boys” ar lorg pinginí ó dhaoine bochta mar sinn féin ná bíodh pinginí acu, ach chaithfeá. pléisiúr a bheith agat. Um thrathnóna théinn-se léi chun cuairt a thabhairt ar na “cribs” ach ní bhíodh sí riamh in ann na seacht n-eaglaisí a thaobhú fé mar ba ghnáth chun bheannacht speisialta a shothrú. Theimis gach bliain go séipéal na mban rialta i dTobar Rí an Domhnaigh. Dílleachtaí a beadh mo mháthair, agus is ann a cuireadh ar scoil í. Nollaig ‘amháin dá ndeachamar ann, bhris sé an croí ionam, an Leanbh Naofa fheiseint gan oiread is bréagán amháin aige. Bhí inneal traenach agam an bhliain sin a fuaireas ó Shan Nioclas an lá roimhe sin, agus bhí meas mór agam ar an inneal traenach céanna, ach bhíos im gharsún flathúil comh maith. D'fhiafraíos den bhean rialta a bhí an gcuideachtain ar mhaith leis an Leanbh Naofa inneal traenach a bheith aige féin, agus d'admhaigh sí gur mhaith ach go raibh sé ro-bhocht. Thuigeas ar an nóiméad cad é an dualgas a bhí orm agus d’fhágas len a thaobh é agus sinn ag fágáil an tSéipéil Bhíos deimhnitheach go raibh an Leanbh Naofa comh huaigneach is a bhíos féin agus go raibh dian ghá aige le hinneal traenach go dtí go mbeadh na laethanta damanta saoire san thart, agus go bhféadfadh sé bheith ag súil le cnag fear a phoist ar an doras is go dtiocfadh ré na samhlaíochta ar ais arís (Craoladh an dréacht seo in Eagrán na Nollag de “Aeris”. Táimíd buioch de Phroinsias Mac Aonghusa as ucht cead a fhoilsithe a tabhairt dúinn). (1960) Source: _Comhar_, 1960-02, pp.9-10.